Dé Luain, Samhain 15, 2010

Polaiteoirí Dhún na nGall ag baint úsáide as an idirlíon agus iad i mbun feachtas




Le blianta beaga anuas tá polaiteoirí tar éis úsáid a bhaint as líonraí sóisialta le teagmháil a dhéanamh le lucht leanúna agus le lucht leanúna nua a mhealladh. Agus na polaiteoirí i nDún na nGall gníomhach faoi láthair bíonn níos mó agus níos mó ábhar digiteach le feiceáil.


Is dócha gurbh é Barak Obama a thosaigh an cur chuige seo agus é ag lorg ainmniúchán don fheachtas uachtarántacht i Mheiriceá. Bhí sé gníomhach le Blag a bhí aige chomh maith le líonraí sóisialta ar nós Facebook agus Twitter.


Ó shin tá polaiteoirí timpeall na cruinne tar éis páirt a ghlacadh san obair seo.


Tar éis dom beagánín taighde a dhéanamh tá sé soiléir gurbh é Pearse Doherty an polaiteoir is gníomhaí ar an idirlíon sa feachtas toghchánaíochta i nDún na nGall Thiar-Theas.


baineann Doherty úsáid as YouTube le físeáin spéisiúla a scaipeadh ar an domhain. Bíonn tráchtaireacht ar cinneadh an tArd-Chúirt le feiceáil chomh maith le polasaithe Sinn Féin.


Bíonn ar a laghad Tweet amháin in aghaidh an lae ar Twitter ag Doherty. Bíonn chuile rud á thuairisciú aige idir an íomhá a bhí ar éadas Brian Cowen agus é ag canbhásáil go dtí céard atá ar bun ag Doherty, ar an mbéalach chuig RTÉ i nDomhnach Broc don Frontline anocht is léir.


Tá leathanach Facebook á chothú ag Doherty chomh maith. Beireann an leathanch seo íomha níos daonna don iarrthóir. Chuile rud ó cén scannán is fearr leis (Toy Story, Inception, Stand By Me) go dtí cé mhéad páiste atá aige agus ainm a bhean chéile. Le cleasaíocht bheag mar seo is féidir duine a dhéanamh as polaiteoir seachas ineall atá ag obair ar son na ndaoine.


Go dtí seo níl na polaiteoirí eile ag glacadh páirt sa nuatheicneolaíocht chomh mór céanna le Doherty. Tá leathnach Facebook ag Brian Ó Domhnaill agus ag Frank McBrearty ach níl na polaitoeirí seo chomh gníomhach céanna ag uasdátú na sonraí atá acu.


Is cinnte go bhfuil an obair seo an-tábhachtach ó thaobh daoine óga a mhealladh le vóta a chaitheamh ar an 25ú den mhí seo. Beidh le feiceáil an ndéanfaidh sé seo an difríocht ar an lá.

Airm na hÉireann ag glacadh páirt i Cibear-Ghnó





Tá airm na hÉireann ag glacadh pairt i bhforbairtí nua aimseartha ar an idirlíon. Ó bhí 2008 ann tá na Forsaí Cosanta sa tír seo ag déanamh margaíocht ag baint úsáide as Twitter, Facebook, YouTube agus Flickr.


De réir Capt. Pat O'Connor tá na huirlisí thuas luaite an-mhaith le teagmháil a dhéanamh le daoine a bhfuil spéis acu páirt a ghlacadh san airm, saoránaigh le spéis acu céard atá ar bun ag an airm agus na meáin.


Tá an airm tar éis treoracha a leagadh síos ar céard atá ceadaiteh acu ar líonraí sóisialta. Go dtí seo ní raibh aon fhadhb acu.


Bhí fadhbanna ag an airm na hÍosráille nuair a d'fhógair saighdiúir go mbeidh sé ag imeacht ar turas sa West Bank. Mar thoradh ar seo bhí orthu an turas a chealú.


Beidh Pat O'Connor ag labhairt ag an gcomhdháil meáin sóisialta "Content is King", a bheas ar siúil san RDS.


Dé Máirt, Márta 02, 2010

Cinneadh ag muintir na hEorpa ar cén brabhsálaí gur mhaith leo a úsáid



Ón 1ú Marta ar aghaidh caithfidh Microsoft an cinneadh a thabhairt don úsáideoir ríomhairí faoi cén brabhsálaí idirlíon gur mhaith leo a úsáid. Tharla an forbairt seo mar gheall ar cás cúirte a bhí ag Coimisiúin na hEorpa. Go dtí seo ní raibh an darna rogha agat ach glacadh leis go mbeidh Microsoft Internet Explorer agat ar an ríomhaire mar gnáth rogha. Dá mba rud é go raibh tú ag iarraidh brabhsálaí eile bhí ort an cinneadh sin a dhéanamh tú féin.

As seo amach beidh sé riachtanach go tabharfaidh Microsoft an cinneadh duit brabhsálaí a roghnú. Ar an líosta tá 12 brabhsálaí éagsúla.

Firefox, Opera, Safari. Chrome, Sleipnir, Green Browser, Maxthon, Avant, Flock, K-meleon agus Slim.

Beidh le feiceáil cén éifeacht a bheas ag an forbairt seo do mhargadh na brabhsálaithe. Faoi láthair tá scair de 62% den mhargadh ag Microsoft agus 24% den mhargadh ag Firefox.